Tá an-áthas orm fáilte a chur romhat chuig Coláiste Dhún Másc. Is féidir le roghnú scoile a bheith ina léim mhór chreidimh. Tá súil agam go mbeidh an rogha sin éasca le déanamh agus tú ag foghlaim níos mó faoi Choláiste Dhún Másc. Ó bunaíodh í in 2017, tá fás tapa tagtha ar an scoil agus tá sí fós ar chonair na forbartha gasta. Is scoil bhríomhar, dhinimiciúil í. Tá ár bhfoireann iontach tiomanta do shár mhaitheas a bhaint amach sa teagasc agus san fhoghlaim agus ar fholláine na ndaltaí. Cuirtear oideachas anseo ar fáil trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge do na daoine óga atá faoinár gcúram. Ullmhaímid ár ndaltaí le comhlíonadh i ndomhan a éilíonn solúbthacht, cruthaitheacht, teacht aniar agus machnamh criticiúil. Cuirimid timpeallacht foghlama fuinniúil agus díograiseach ar fáil ina bhfuil meas ar dhifríocht agus éagsúlacht. Chomh maith le béim láidir ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach, tugaimid dúshlán dár ndaltaí le réimse leathan ábhar a bhaineann le saibhreas gníomhaíochta spóirt, ceoil agus drámaíochta. Tá an t-ádh ar ár ndaltaí, ní hamháin go bhfuil seomraí ranga nua-aimseartha cothrom le dáta acu, ach tá teacht acu freisin ar na háiseanna iontacha in Ionad Fóillíochta Phort Laoise, agus cuireann ár ndlúth naisc leis an scoil cheoil lenár ngníomhaíochtaí ceoil. Mar scoil dhigiteach, déanaimid athmhachnamh ar an ról lárnach a bheidh ag an teicneolaíocht i dtodhchaí shaol ár ndaltaí, léirítear é seo inár seachadadh nuálach ar an gcuraclam, ag baint úsáide as na cleachtais agus teicneolaíochtaí oideachais is déanaí. Is é Coláiste Dhún Másc an áit is fearr le foghlaim, le fás, le múineadh agus le hobair agus beidh tú mar chuid dár bpobal i bhfad tar éis do laethanta scoile a bheith thart.
Dympna Ní Cheallaigh Príomhoide